interactive GDPR 2016/0679 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- agus 37
- sonraí 35
- ciallaíonn 26
- pearsanta 24
- duine 20
- nádúrtha 19
- údarás 19
- mhaoirseachta 17
- leis 16
- maoirseachta 16
- eile 15
- atá 15
- bhfuil 14
- faoi 14
- ballstát 13
- gach 13
- dlí 13
- údaráis 12
- lena 11
- níos 10
- amháin 10
- aontas 10
- rialaitheoir 10
- chun 9
- próiseálaí 9
- bhaineann 9
- mbeidh 9
- maidir 8
- siad 8
- nach 8
- leith 8
- chur 8
- comhpháirteacha 7
- poiblí 7
- gcomhréir 7
- tionscnaimh 7
- réir 7
- trí 7
- ballstáit 7
- dlítheanach 6
- damáiste 6
- foireann 6
- próiseála 6
- ceann 6
- dhéantar 6
- airteagal 6
- gcás 6
- gcomhthéacs 5
- bheith 5
- rialaitheora 5
Airteagal 4
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha saineathanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin; |
(2) | ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú; |
(3) | ciallaíonn “srianadh ar phróiseáil” sonraí pearsanta stóráilte a mharcáil agus é d'aidhm leis sin teorainn a chur leis an bpróiseáil a dhéanfar orthu sa todhchaí; |
(4) | ciallaíonn “próifíliú” aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta arb éard í úsáid na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine nádúrtha sin nó chun na gnéithe sin a thuar; |
(5) | ciallaíonn “ainm bréige a chur i bhfeidhm” próiseáil a dhéantar ar chaoi nach féidir na sonraí a chur i leith ábhair sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta; |
(6) | ciallaíonn “córas comhdúcháin” aon sraith struchtúraithe de shonraí pearsanta a bhfuil rochtain orthu de réir critéir shonracha, is cuma má tá an sraith sin lárnaithe, díláraithe nó scaipthe ar bhonn feidhmeach nó geografach; |
(7) | ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit; |
(8) | ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora; |
(9) | ciallaíonn “faighteoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile, dá nochtar na sonraí pearsanta, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh. Maidir le húdaráis phoiblí a fhéadfaidh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ní mheasfar gur faighteoirí iad; comhlíonfaidh an phróiseáil a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil; |
(10) | ciallaíonn “tríú páirtí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile seachas an t-ábhar sonraí, an rialaitheoir, an próiseálaí agus daoine a údaraítear, faoi údarás díreach an rialaitheora nó an phróiseálaí, chun na sonraí a phróiseáil; |
(11) | ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon chur in iúl atá sonrach, feasach agus gan athbhrí, a dhéanann an t-ábhar sonraí a thabhairt faoi shaoirse, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, á rá gur mian leis nó léí aontú le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi; |
(12) | ciallaíonn “sárú i ndáil le sonraí pearsanta” sárú ar shlándáil as a dtiocfaidh scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach; |
(13) | ciallaíonn “sonraí géiniteacha” sonraí pearsanta a bhaineann le tréithe géiniteacha duine nádúrtha a fuarthas le hoidhreacht nó a fuarthas, a thugann faisnéis uathúil faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine nádúrtha sin agus arb é atá iontu an toradh, go háirithe, ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch ón duine nádúrtha atá i gceist; |
(14) | ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha; |
(15) | ciallaíonn “sonraí a bhaineann leis an tsláinte” sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó mheabhrach duine nádúrtha, lena n-áirítear soláthar seirbhísí cúraim sláinte, lena nochtar faisnéis faoina stádas sláinte; |
(16) | ciallaíonn “príomhbhunaíocht”:
|
(17) | ciallaíonn “ionadaí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann ionadaíocht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, agus atá ceaptha i scríbhinn ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí de bhun Airteagal 27; |
(18) | ciallaíonn “fiontar” duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma faoi fhoirm dhlíthiúil na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn ag gabháil go rialta do ghníomhaíocht eacnamaíoch; |
(19) | ciallaíonn “grúpa gnóthas” gnóthas rialaitheach agus a ghnóthais atá faoi rialú; |
(20) | ciallaíonn “rialacha ceangailteacha corparáideacha” beartais um chosaint sonraí pearsanta a gcloíonn rialaitheoir nó próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit leo, ar beartais iad le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta nó sraith d'aistrithe sonraí pearsanta chuig rialaitheoir nó chuig próiseálaí i dtríú tír amháin nó níos mó laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu; |
(21) | ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51; |
(22) | ciallaíonn “údarás maoirseachta lena mbaineann” údarás maoirseachta a mbaineann próiseáil somraí pearsanta leis mar gurb amhlaidh:
|
(23) | ciallaíonn “próiseáil trasteorann” ceann acu seo:
|
(24) | ciallaíonn “agóid ábhartha réasúnaithe” agóid i gcoinne dréachtchinneadh i dtaca le cibé an ann do shárú ar an Rialachán seo nó nach ann dó, nó an gcomhlíonann an gníomhaíocht a bheartaítear i dtaca leis an rialaitheoir nó leis an bpróiseálaí an Rialachán seo, agóid a thaispeánann go soiléir suntasacht na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an dréachtchinneadh maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas; |
(25) | ciallaíonn “seirbhís de chuid na sochaí faisnéise” seirbhís mar a shainmhínítear í i bpointe (b) d'Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19); |
(26) | ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó. |
CAIBIDIL II
Prionsabail
Airteagal 52
Neamhspleáchas
1. Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh gach údarás maoirseachta ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách.
2. Comhalta nó comhaltaí de gach údarás maoirseachta, beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, nuair a bheidh na cúraimí atá orthu á gcomhlíonadh acu agus nuair a bheidh na cumhachtaí atá acu á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon duine.
3. Staonfaidh comhalta nó comhaltaí gach údaráis mhaoirseachta ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus ní ghabhfaidh siad d'aon slí bheatha nach luíonn leis na dualgais sin le linn a dtéarma oifige, bíodh sí sochrach nó neamhshochrach.
4. Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar atá de dhíth ar an údarás maoirseachta ar fáil do gach údarás acu chun a chúraimí a chomhlíonadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear na cúraimí agus na cumhachtaí sin nach mór a chur i gcrích i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh agus an chomhair agus i gcomhthéacs rannpháirtíochta ar an mBord.
5. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a fhoireann féin ag gach údarás maoirseachta, arna roghnú aige féin, ar foireann í a bheidh faoi réir stiúradh ag comhalta nó comhaltaí an údaráis mhaoirseachta lena mbaineann.
6. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh gach údarás maoirseachta faoi réir rialú airgeadais nach ndéanann difear dá neamhspleáchas agus áiritheoidh siad go bhfuil buiséad poiblí bliantúil ar leith ag gach údarás maoirseachta, buiséad a fhéadfaidh a bheith mar chuid de bhuiséad foriomlán an stáit nó den bhuiséad foriomlán náisiúnta.
Airteagal 62
Oibríochtaí comhpháirteacha na n-údarás maoirseachta
1. Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí comhpháirteacha a sheoladh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha agus bearta comhpháirteacha forfheidhmithe a mbeidh comhaltaí nó foireann údaráis mhaoirseachta na mBallstát eile bainteach leo.
2. I gcás ina mbeidh bunaíochtaí ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i roinnt Ballstát nó i gcás inar dócha go mbeidh tionchar nach beag ag oibríochtaí próiseála ar líon suntasach ábhar sonraí i mBallstát amháin nó níos mó, beidh sé de cheart ag údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha sin. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 56(1) nó Airteagal 56(4) cuireadh don údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha agus freagróidh sé gan mhoill don iarraidh ó údarás maoirseachta maidir lena bheith rannpháirteach.
3. Féadfaidh údarás maoirseachta, i gcomhréir le dlí Ballstáit, agus le húdarú an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh, cumhachtaí, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaitheacha, a thabhairt do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh atá i mbun oibríochtaí comhpháirteacha nó, a mhéid is a cheadaítear le dlí Bhallstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh, ceadú do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a gcumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh. Ní fhéadfar na cumhachtaí imscrúdaitheacha sin a fheidhmiú ach amháin faoi threoir agus i láthair chomhaltaí nó fhoireann an údaráis mhaoirseachta óstaigh. Beidh comhaltaí nó foireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh faoi réir dhlí Ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh.
4. I gcás inarb amhlaidh, i gcomhréir le mír 1, go bhfuil foireann údaráis mhaoirseachta tionscnaimh ag feidhmiú i mBallstát eile, glacfaidh Ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh freagracht as a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear dliteanas, i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad agus iad i mbun a n-oibríochtaí, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a mbeidh siad ag oibriú ar a chríoch.
5. An Ballstát ar ina chríoch a rinneadh an damáiste, slánóidh sé an damáiste sin faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le damáiste a rinne a foireann féin. Ballstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a ndearna a foireann féin damáiste do dhuine ar bith i gcríoch Bhallstáit eile, cúiteoidh sé leis an mBallstát eile sin ina iomláine aon suimeanna a d'íoc sé leis na daoine a bhí ina dteideal thar a gceann sin.
6. Gan dochar d'fheidhmiú na gceart i leith tríú páirtithe agus cé is moite de mhír 5, staonfaidh gach Ballstát, sa chás dá bhforáiltear i mír 1, ó chúiteamh damáistí a d'fhulaing sé a iarraidh ar Bhallstát eile I dtaca le damáiste dá dtagraítear de bhun mhír 4.
7. I gcás ina mbeidh oibríocht chomhpháirteach beartaithe agus nach gcomhlíonfaidh údarás maoirseachta laistigh de mhí amháin an oibleagáid a leagadh síos sa dara habairt de mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta eile beart sealadach a ghlacadh i gcríoch a Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 55. Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach atá le gníomhú faoi Airteagal 66(1) agus go bhfuil gá le tuairim ón mBord, nó cinneadh ceangailteach práinneach uaidh, de bhun Airteagal 66(2).
whereas
dal 2004 diritto e informatica